Cuireann Liadh Fáilte roimh Rún ar Chearta Mionlaigh

Chuir an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada fáilte roimh rún cearta mionlaigh a rith Parlaimint na hEorpa.

Chaith Liadh Ní Riada vóta ar son an rúin a bhí ós comhair an Choise Achainíocha na Parlaiminte.

Cuireann an rún dualgas ar Ballstáit cearta mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn.

“Bhí mé an-bhródúil as a bheith in ann cabhrú leis an rún seo a láimhseáil inniu,” a dúirt sí.

“Má tháimid chun cearta daonna a chosaint, ní mór dúinn a bheith soiléir agus gan athbhrí inár dtiomantas maidir le comhionannas agus creidim go ndéanann an rún é seo.

“Cruthaíonn sé dualgas ar Bhallstáit cearta mionlach a chosaint go comhsheasmhach agus measúnú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil cibé an bhfuil na cearta sin á n-urramú nó nach bhfuil siad.

“Chomh maith le moltaí sonracha a dhéanamh maidir le cearta LGBT, leagtar amach freisin oibleagáidí na mBallstát cearta teanga a chosaint.

“Is rún atá ann gur cheart Rialtais na hÉireann agus na Breataine a choimead in aigne agus iad ag smaoineamh ar a gcuid gealltanais i dtaobh maoiniú Gealtachta nó Acht na Gaeilge.

“Táim ag tnúth le dul chun cinn breise an rúin seo tríd an bParlaimint.”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *