Ní mór don stáit Spáinneach aghaidh a thabhairt do chearta teanga

Liadh NI RIADAAg labhairt dí ón mBruiséil tráthnóna cáinigh Liadh Ní Riada an stáit Spáinneach go géar mer gheall ar a leithcheal agus a ionsaithe i gcoinne úsáideoirí teangacha dúchasacha agus mionlaigh. Labhair an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin ar an ábhar roimh den Spáinn dul os comhair Choiste um Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe. Glaoigh Ní Riada ar na hinstitiúidí Eorpacha agus ar stáit ar fud na hEorpa éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn, maraon le cearta cainteoirí teangacha dúchasacha, mionlaigh agus teangacha atá i mbaol a dhearbhú.

“Mar Ghaeilgeoir agus mar bhean ón nGaeltacht cuireann sé as dom go bhuil neamhómós agus leithcheal fós ag údaráis stáil i dtaobh cainteoirí na dteangacha dúchasacha nó mionlaigh. Cuireann teangacha cruit ar ár cultúrtha, agus cruthaíonn teangacha an saibhreas agus an éagsúlacht atá againn inar dtíortha agus sa mhór-roinn seo. Teanga a mhúnlú ár gcultúir, agus tugann éagsúlacht mór agus saibhreas chun ár tíortha agus ár mór-roinn. Ní mór do húdaráis na hEorpa cearta lucht labhartha na dteangacha dúchasacha agus mionlaigh a urramú.

“Laistigh den stát Spáinneach tá éagsúlacht ollmhór de theangacha, cultúir agus féiniúlachtaí náisiúnach. Is léir, áfach, go bhfuil eilimintí coimeádacha laistigh den stáit ag iarraidh dul ar ais go dtí na polasaithe teanga eisreachtú agus idirdhealaitheach a bhaineann leis an deachtóireacht.

“Beidh Greasán Comhionannais Teanga na hEorpa (GCTE nó ELEN) ag cur a thuarascáil ar idirdhealú sa Stát Spáinneach i láthair ag éisteacht speisialta den Chomhairle um Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe. Curifidh an tuairisc sonraí i láthair maidier le cásanna d’idirdhealú ar bhonn úsáid teanga a baineann le cainteoirí Bascais, Catalóinis, Gailísis, Aragóinis agus Astúiris. Baineann na cásanna le drochíde ó idirdhealú i soláthar seirbhísí stáit, chun náiriú poiblí agus ionsaí ó na póilíní.

“Creidim sa dhlúphairtíocht agus gur neart go chuir le chéile. Tá a lán tacaíocht faighte agam ó úsáideoirí teangacha agus gníomhaithe ar fud na hEorpa agus mé ag troid ar son cearta Gaeilge, óTír na mBascach, an Chatalóin agus an Ghailís ach go háirithe. Cuireann sé brón agus fearg orm drochíde an stáit Spáinneach i dtaobh cainteoirí teangacha dúchasacha agus mionlaigh agus beidh mé ag iarraidh ar an AE caingean um sharú a thabhairt i gcoinne na Spáinne faoi chúram na Cairte um Chearta Bunúsacha.

“Ní féidir liomsa an Ghaeilge a úsáid chun mo chuid oibre mar fheisire Eorpacha dhéanamh in ainneoin é a bheith mar an chéad teanga náisiúnta na hÉireann agus teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Táim go hiomlán tiomnaith seasamh an fód ar son mo chearta agus ar son cearta Gaeilgeoirí agus cearta an phobail Ghaeltachta.”

Comments are closed